GAIRM AR IARRATAIS

ANIMATION IRELAND & FÍS ÉIREANN

le tacaíocht ó Scilíonra Teicneolaíochtaí Tumthacha 

CISTE NUÁLAÍOCHTA BEOCHANA AGUS 

FORBARTHA TUMTHAIGH 2022

Ag tacú le Forbairt MI (IP) agus le Scéalaíocht Nua agus Nuálach

Tar éis chéad leagan na tionscnaíochta seo sa bhliain 2021, tá an dara leithdháileadh maoinithe €350,000 curtha ar fáil ag Fís Éireann / Screen Ireland i gcomhar le hÉirebheochana agus le tacaíocht ó Scilíonra Teicneolaíochtaí Tumthacha, maoiniú a infheisteofar i bhfailleanna forbairtí ardchoincheapúla, nuálacha, úra agus i ndeiseanna scéalaíochta tumthaí nua taobh istigh den earnáil Bheochana agus na Scéalaíochta Tumthaí. Tá Fís Éireann tiomanta dá huaillmhian aird a dhíriú ar Éire mar ionad bairr feabhais Beochana agus d’infheistíocht a dhéanamh i gcóimheascadh scileanna, tallainne, seánraí agus scéalta a bheidh éagsúil is leathan agus a bheidh cothaithe trí ealaíontacht chruthaitheach chumhachtach agus trí chruthú saoil eile. 

Cuimsíonn Nuálaíocht Bheochana agus Forbairt Thumthach ullmhú formáidí hibrideacha nua, tabhairt isteach sreabhaidh oibre nua seanchais, ag cur le huaillmhianta seánra taobh amuigh den sreabhadh oibre reatha agus ag spriocdhíriú ar iarrachtaí nua saothar ealaíonta agus cruthaitheach (macasamhail Cluichíocht & Teicneolaíochtaí Tumthacha) ar leor dóibh an t-infheistiú a bheidh ar fáil. 

Is féidir le Léiritheoirí agus le Lucht na n-Ealaíon cur isteach ar infheistíocht thogra go dtí uasmhéid €50,000 sna iomlán. 

Glacfar leis na táirgí insoláthartha mar fhianaise choincheapa ina mbeidh bunchuntas gairid, cur i láthair físiúil, agus fréamhshamhail / réamhscéal (mar is cuí) san áireamh a dhíreoidh aird ar an choincheap nua agus ar an chosán nuálach a mbeidh sé i gceist ag an iarrthóir iniúchadh a dhéanamh air. 

Beidh sonraí le haghaidh aighneachtaí agus tuilleadh eolais (CCanna) le fáil trí láithreáin ghréasáin Animation Ireland agus Fis Éireann www.screenireland.ie / www.animationireland.com. Caithfidh gach aighneacht a chur chuig r-phost Animation Ireland atá ar fáil thíos. 

Mar urrús dá maoiniú glacfaidh Fís Éireann méid 10% an chóipchirt san ábhar forbartha a chruthófar. Nuair a aisíocfar maoiniú forbartha Fís Éireann athshannfaidh Fís Éireann an céatadán cóipchirt seo san ábhar forbartha ar ais chuig an léiritheoir. Má thosófar ar léiriú an togra ba chóir don mhéid a fuarthas mar mhaoiniú fhorbartha a chur isteach mar mhír líne sa bhuiséad agus aisíoctha do Fís Éireann. 

SONRAÍ IARRATAIS
  • Beathaisnéis ghairid an iarrthóra agus obair a léiríodh san áireamh (1 Leathanach) 
  • Achoimre ghearr ar an togra / phlean atá beartaithe (1 Leathanach) 
  • Achoimre mhionshonraithe ar obair fhorbartha an choincheapa a dtabharfar faoi agus buiséad san áireamh – teimpléad do bhuiséad fhorbartha ar fáil ar ár láithreáin ghréasáin
  • Creatlach ar acmhainneacht an mhargaidh agus an luchta fhéachana don obair a dtabharfar faoi (1 Leathanach)
  • Nótaí nó ábhair thacaíochta ar bith eile 
  • Creatlach ar úinéireacht an smaoinimh / choincheapa 

Ba chóir iarratais a dhéanamh tríd an fhoirm iarratais chuig applications@animationireland.com

Beidh tuilleadh sonraí maidir le haighneacht de (CCanna agus teimpléad na foirme iarratais) ar fáil trí láithreán gréasáin Animation Ireland agus Fís Éireann. 

Is é data deiridh 1pm, An Chéadaoin 16 MÁRTA 2022

Ba chóir an ráiteas a leanas a bheith ar líne an ábhair “IARRATAS AR CHISTE 

NUÁLAÍOCHTA BEOCHANA AGUS FORBARTHA TUMTHAIGH 2022”.

Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha. 

CRITÉIR MHEASÚNAITHE
1.Soiléire na Físe: 25%
2.Caighdeán an Mholaidh: 25%
3.Nuálaíocht Níos Leithne: 30%
4.Feasacht Mhargaidh & Tarraingt: 20%