Ciste Conairí Beochana

Faoin Chistiú

Tar éis chéad leaganacha píolótacha na scéime maoinithe Ilchineálachta, Cothromais agus Ionchuimsithe de chuid Chonairí sna blianta 2021 agus 2022, tá Fís Éireann/Screen Ireland trí Éirebheochana ag cur leithdháileadh maoinithe eile €100,000 ar fáil don bhliain 2023 a úsáidfear chun failleanna oibre a sholáthar ar léiriúcháin dóibh siúd a thagann ó phobail atá éagsúil agus faoi ghannionadaíocht agus dóibh siúd a mbeadh caíonna rochtana isteach sa tionscal teoranta acu go stairiúil. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an scéim mhaoinithe seo oscailte do dheiseanna criú atá faoin líne mar aon le failleanna do thallann atá os cionn na líne.

Cuireann scéim mhaoinithe Conairí fáilte ar leith roimh iarratais ó léiritheoirí a bhfuil moltaí acu a thacóidh le sarú constaicí do rannpháirtithe/dhaoine aonair atá faoi ghannionadaíocht ar mhian leo aistriú ó earnálacha eile agus iad siúd ar mhaith leo filleadh chuig earnáil an scáileáin tar éis tréimhse neamhláithreachta. Cuireann an scéim fáilte fosta roimh mholtaí a mbeidh sí mar aidhm acu dul i ngleic le cothromaíocht inscne agus éagsúlachta i ranna agus i róil áirithe ina mbeadh inscne agus ilchineálacht as a riocht san am atá thart. Tá an scéim dírithe ach go háirithe ar thacú le deiseanna a chuireann dul chun cinn gairme suntasach ar fáil do rannpháirtithe/dhaoine aonair go háirithe i réimsí tosaíochta ina bhfuil bearnaí scileanna suntasacha (mar a aithníodh i dtuairiscí scileanna rialtais agus earnála). Tá an scéim ag tacú go mór mór le deiseanna a chuidíonn le duine tabhairt faoi ról nua lena ghairm bheatha a chur chun cinn agus nuair atá constaicí suntasacha ann a chuireann isteach ar thabhairt faoin deis seo.

Cáilitheacht

Le haghaidh cuspóirí na scéime cistithe Conairí Ilchineálacht, Cothromas & Cuimsiú, is iondúil go gclúdaíonn ilchineálacht, maidir le tearcionadaíocht taobh istigh de thionscal an scáileáin, na réimsí a leanas:

  • Inscne
  • Stádas pósta
  • Stádas Teaghlaigh
  • Freagrachtaí Tuismitheoireachta agus Cúraim
  • Aois
  • Míchumas
  • Suíomh Tíreolaíochta
  • Réigiúnach (lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin)
  • Teanga
  • Gnéaschlaonadh
  • Eitneacht
  • Creideamh
  • Ballraíocht i bPobal an Lucht Siúil
  • Míbhuntáiste socheacnamaíoch

Ag cuimhniú ar chúrsaí atá fós ag dul ar aghaidh san Úcráin agus i dtíortha eile ina bhfuil díláithriú éigeantais de bharr coinbhleachta, don bhabhta seo na gConairí maoinithe, fáilteoidh Fís Éireann freisin roimh iarratais a thacóidh le deiseanna do dhídeanaithe a bheidh ag iarraidh aistriú go dtí earnáil an scáileáin in Éirinn.

Is féidir le léiritheoirí ón earnáil Bheochana cur isteach ar sparánacht mhaoinithe go dtí uasmhéid €10,000 in aghaidh an léirithe/togra i 2023. D’fhéadfadh go ndéanfaí machnamh ar sparánacht mhaoinithe níos airde má thabharfaidh an léiriú failleanna eisceachtúla ED&I (tar éis athbhreithniú an phainéil sparánachta). Ceadaítear níos mó ná iarratas amháin sa bhliain in aghaidh an chomhlachta/léiritheora ach beidh uasmhéid €20,000 sa bhliain in aghaidh an chomhlachta/léiritheora. Ní féidir uasmhéid leithdháilte maoinithe tacaíochta in aghaidh an duine aonair dul thar €5,000. I gcásanna eisceachtúla d’fhéadfadh an uasteorainn a athbhreithniú de réir mar a shocródh painéal na scéime cistithe. Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin nuair a bheidh cistiú faighte acu ó Chraoltóir, nó ón ÚCÉ/Coimisiún ar na Meáin, má bheidh comhléiriú idirnáisiúnta acu le léiritheoir Éireannach, má bheidh siad cáilithe i gcomhair cistithe chánach S481, nó go mbeidh cistiú ó Fís Éireann acu fá choinne scannáin lánfhada, teilifís gan script, clár faisnéise fada, nó sraith theilifíse.

Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfidh an ciste iomlán a bheidh ag teastáil le tabhairt faoin léiriú a bheith faoi do láimh sular féidir ciste Conairí a fháil. Ní mór do thograí a ndámhfar maoiniú orthu tosú ar léiriú roimh 31 Nollaig 2023.

Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir cistiú Conairí a úsáid le gníomhaíochtaí a mhaoiniú atá cistithe cheana trí cheann ar bith de na hAcadaimh Thallainne Náisiúnta.

Sonraí an Iarratais

  • Ba chóir gurbh í an chuideachta Léirithe an t-iarrthóir.
  • Ba chóir go mbeadh na rannpháirtithe a bheadh san áireamh ar aon dul leis an roinn cháilitheachta thuas.
  • Ba chóir don iarratas na rannpháirtithe agus na róil/gráid a leagan amach.
  • Caithfidh an léiriú a bheith in ann tacú le forbairt na ndaoine aonaracha. Ba chóir sonraí a chur san áireamh san iarratas ar an chaoi a dtacófar le rannpháirtithe.
  • Ba chóir go mbeadh rannpháirtithe incháilithe ainmnithe sula gcuirfí iarratas isteach.

Ní féidir uasmhéid leithdháilte maoinithe tacaíochta in aghaidh an duine aonair dul thar €5,000.

Cuirfear cistiú ar bith ar fáil ar an choinníoll docht go gcloífear leis na treoirlínte rialtais agus FSS go léir i dtaobh le COVID-19 de.

Tá an comhlacht/léiritheoir freagrach as árachas riachtanach uilig a bheith ar fáil.

Tá an chuideachta/léiritheoir freagrach as an dóigh a gcionroinnfear agus a scaipfear an sparánacht. Caithfidh an chuideachta léirithe géilleadh do reachtaíocht shóisialta agus fhostaíochta uilig maidir le húsáid cheart na sparánachta de.

Ba chóir iarratais a dhéanamh tríd an fhoirm iarratais agus seolta le “Animation Pathways Application” mar líne an ábhair chuig: applications@animationireland.com

Spriocdhátaí le hAghaidh Iarratais

Beidh ciste Conairí Beochana oscailte ar fud 2023 go dtí go gcaithfear an ciste iomlán. Go hiondúil, caithfidh iarratais a chur isteach 6 seachtaine ar a laghad sula dtosóidh an léiriú agus gan a bheith istigh níos mó ná 16 seachtaine sula dtosóidh an léiriú. Is féidir le léirithe atá faoi lánseol cheana i 2023 cur isteach ar chistiú a fhad is go bhfuil an léiriú fós ag dul ar aghaidh. Ní féidir le léirithe atá críochnaithe cur isteach go siarghabálach. I gcás léirithe atá faoi lánseol ina bhfuil togra/gníomhaíocht ICC mar chuid den léiriú cheana, is féidir leosan iarratas a chur isteach a fhad is go bhfuil an togra/ghníomhaíocht ICC seo fós ag dul ar aghaidh. Tiocfaidh painéal na scéime sparánachta le chéile uair sa mhí (ar Dhéardaoin deireanach na míosa). Cuirfear cinnidh in iúl d’iarrthóirí suas le seachtain amháin i ndiaidh do phainéal na scéime sparánachta teacht le chéile.

Ní mheasfar iarratais easnamhacha. D’fhéadfadh eolas contráilte moilleanna a chur ar phróiseáil iarratas.

Ní féidir iarratais mhírathúla a chur isteach arís lá is faide anonn. Is féidir le hiarrthóirí treoir a lorg ón cheanneagraíocht (applications@animationireland.com) chun tosaigh ar aighneacht a dhéanamh.

Forchoimeádann Fís Éireann agus Éirebheochana an ceart chun maoiniú a chur ar fionraí nó a chealú sa chás, dar léi, nach bhfuil iarrthóir rathúil ag baint amach an tiomantas riachtanach don chlár/do na gníomhaíochtaí aontaithe. Nuair a bheidh sé riachtanach, beidh ar fhaighteoirí sparánachtaí eolas a sholáthar ar a ndul chun cinn.

Forchoimeádann Fís Éireann agus Éirebheochana an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mhéid a bronnadh nuair atá sí sásta gur cuireadh eolas contráilte ar fáil.

Má tá ceisteanna breise ar bith eile gabh i dteagmháil le do thoil le: applications@animationireland.com

Critéir Mheasúnaithe (Iomlán: 100%)

  • Caighdeán ginearálta an iarratais, go háirithe maidir le heilimintí I, C & C an iarratais (40%).
  • Dea-theist na n-iarrthóirí i réimse I, C & C (15%).
  • Tacaíochtaí molta I, C & C do rannpháirtithe a bheidh ar an léiriú (20%).
  • Tábhacht agus baint na deise forbartha scileanna d’fhorbairt phroifisiúnta an iarrthóra agus dá dhul chun cinn gairme (25%).

Socrú Conraidh agus Íocaíochtaí

Íocfar an sparánacht ar bhonn tráthchodanna agus comhdhéanfar de dhá thráthchuid é. Íocfar an chéad tráthchuid (90%) suas go dtí 30 lá i ndiaidh chomhlíonadh an phróisis chonartha (ar fháil an chonraidh shínithe agus na cáipéisíochta a iarrfar).

Beidh uasdátú seiceála lár-ama le hÉirebheochana de dhíobháil do na  léiritheoirí/chomhlachtaí go léir atá maoinithe.

Íocfar an tráthchuid dheiridh (10% mhéid na sparánachta) nuair a chuirfear tuairisc dheiridh isteach. Ba chóir an tuairisc iarthogra a chur isteach ar an teimpléad tuairisce a chuireann Éirebheochana ar fáil agus ba chóir di achoimre a thabhairt ar thorthaí agus ar thionchar an mhaoinithe sparánachta mar aon le miondealú ar an dóigh ar chionroinneadh an sparánacht. Ba chóir aon staitisticí/sonraí Ilchineálachta ábhartha a bheith sa Tuairisc Dheiridh freisin a léireoidh tionchar dearfach an chistithe.

Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun maoiniú a chur ar fionraí nó a chealú sa chás, dar leis, nach bhfuil iarrthóir rathúil ag baint amach an tiomantas riachtanach don sparánacht.

Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na sparánachta nuair atá sé sásta gur cuireadh eolas contráilte ar fáil.

Íoslódálacha